• County Louth VEC
  • County Louth VEC
  • County Louth VEC
  • County Louth VEC
  • County Louth VEC
HOME DIRIÚ AR AN nGAEILGE Scéim na Scolaireachtaí Gaeltachta
Scéim na Scolaireachtaí Gaeltachta Print E-mail

Anuraidh bhronn Coiste Gairmoideachais Chontae Lú beagnach caoga scoláireachtaí Gaeltachta ar dhaltaí as na ceithre scoileanna ar fud an chontae. Bhronnadh na scoiláireachtaí ar dhaltaí ag freastal ar na scoileanna seo a leanas; Coláiste Uí Fhiaich, Dún Dealgan, Iarbhunscoil na Sceachóige, Baile na hAbhann, Coláiste Pobail Naomh Oilibhéir, Droichead Átha, agus Scoil Uí Mhuirí, Dún Léire. Ag tabhairt ráitis ar scéim na scolaireachtaí Gaeltachta, dúirt an Dr. Pádraig Ó Coirc, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Choiste go bhfuil “Coiste Gairmoideachais Chontae Lú iontach-áthasach as a bheith in ann na scoláireachtaí seo a chur ar fáil do dhaltaí. Tugann na scoláireachtaí seo an deis do na faighteoirí iad féin a thumadh sa Ghaeilge. As seo a dhéanamh faightear grá don theanga agus ag an am céanna tagtar feabhas ar a gcuid Ghaeilge; rud a n-íocfaidh díbhinn sna scrúdaithe”.

 


Tugann an scéim seo deis do dhaltaí freastal ar choláiste samhraidh ar feadh trí seachtaine le linn leathanta saoire an tsamhraidh. Cónaíonn said le teaghlaigh a bhfuil an Ghaeilge acu mar príomhtheanga.Tugann an tumadh seo an deis is fearr d’fhoghlaimeoirí an teanga labhartha a fheabhsú. Le linn an ama a chaitheann said sa Ghaeltacht, tá ar dhaltaí páirt a ghlachadh i ranganna fhoirmiúil ghaeilge agus glacann said páirt in imeachtaí soisialta eile ar nós spóirt, dráma, ceol agus díospóireachtaí; iad uilig trí mheán na Geailge. Is í príomhaidhm an scéim seo ná go bhfágann na scoláirí le scileanna Ghaeilge níos fearr agus léirthuiscint don Ghaeilge agus don cultúr Ghaelach acu.


Anuraidh, bhronnadh scoláireachtaí Gaeltachta ar fiche scoláirí ó Choláiste Uí Fhiaich san iomlán. Ina measc bhí Colleen Ní Thiarnaigh, Tania Ní Mhuireagáin, Ashley Ní Bhroin, Amy Ní Dhonnagáin, Stiofán Ó Briain, Breandán Ó Tuathail, Aindriú Seoige, Darren Ó Lorcáin, Ahmed Said Ali, Siobhán Ní Réada, Ruairí Mag Uidhir, Oisín Ó Cianáin, Criostóir Ó Rinnáin, Ayobami Odumosu, Tomás Mag Uidhir, Seán Ó Corcráin, Treasa Ní Mhaoileoin, Catríona Ní Bhaoill agus Amy Ní Bhaoilláin. As Iarbhunscoil na Sceachoige bhí ceathrar déag a fuair scoláireachtaí, b’iad siúd Niamh Ní Bhraoin, Ciarán de Barra, Eithne Sabhaois, Sinéad Nic Dhónaill, Aodhán Ó Fathaigh, Darren Mac Marcais, Seosamh Mac Cana, Sinéad Ní Riain, Orlaith Nig RáineG, Pádraig Mac Dónaill, Séamus Mac Cannan, Lauren Ní Mhurchú, Breandán Mac Eoin agus Seosamh Mac Marcais.


Tá scéim dá leithéad seo i mbun ag an gCoiste Gairmoideachais ó bhunaíodh é sa bhliain 1930. Anuraidh fuair seachtar is daichead daltaí scoláireachtaí ón scéim seo san iomlán; fiche is a trí níos mó ná an bhliain roimhe sin.


I mbliana tósaíodh clár nua i gColáiste Uí Fhiaich maidir le scoláireachtaí Gaeltachta chun an ábhar acadúil a chur chun cinn sa scoil. Réalaigh múinteoirí na Gaeilge sa scoil nach raibh cuid de na daltaí ag iarraidh dul sa samhradh de bharr cúiseanna éagsúla.  Mar thoradh de sin bheartaigh siad rud éigin nua a bhunaigh do na ranganna scrúdaithe sa scoil. Le tamall anuas bhí Roinn na Gaeilge agus údarásaí na scoile ag iarraidh go mbeidh teacht níos fearr ag scoláirí na scoile ar thréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Rinneadh teangmháil le Coláiste Bhríde agus leis an Dr. Pádraig Ó Cuirc le príomhaidhm an scéim a bhí ann roimhe sin sa scoil agus i gColáiste Bhríde a leathnú amach chun daltaí ón dTeastas Sóisearach a chuimsiú. Shocraíodh go mbeidh cúrsá dá leithéid rite i mbliaina mar thriail. Tá súil ag na lucht Uí Fhiaich go mbeidh airgead curtha i dtaisce le haghaidh scoláireachtaí do chúrsa dhá lá i Rann na Feirste i gcomhair ullmhúcháin don bhéaltriail amach anseo. I mbliaina beidh deichniúr as na ranganna scrúdaithe seo idir Teastas Sóisearach Árdleibhéal agus ranganna na hArdteiste.